Rebuilding Oileán Ghabhla: Daoine ag filleadh tar éis 50 bliain
Tréigeadh go leor oileán Éireannach thar na blianta. Oileán Ghabhla mar shampla, áit a bhfuil cáil air mar gheall ar an amhrán Báidín Fheilimí. Tá sé suite tuairim is míle amach ó chósta Dhún na nGall. Agus tráth dá raibh, bhí na scórtha teaghlach ina gcónaí ann. D’fhág siad an t-oileán sna 1960í áfach. D’fhág na pobail a bhí ag saothrú a slí beatha ón talamh agus ón fharraige agus bhog siad anonn go dtí an mhórthír. Anois, leathchéad bliain ina dhiaidh sin, tá beatha ag teacht ar ais chuig an oileán de réir mar atá daoine ag filleadh ar a chladach arís. Ar Seachtain, labhair an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoin bheocht agus faoin bhfuinneamh nua atá á chur ar ais i nGabhla. Foclóir: Bád farantóireachta: Ferry Go buan: Permanently Earraí: Goods Ag dul i léig: Declining Banaíodh an t-oileán: The island was deserted Ar leac an dorais: On the doorstep Deontas: Grant Gineadóirí: Generators Athchóirigh: Renovate Bonneagar: Infrastructure Leathanbhanda: Broadband Ag obair go cianda: Working remotely Uathúil: Unique Sainiúil: Distinctive Teas: Heat Ar cíos: Rent Iargúltacht: Remoteness


Bengali (Bangladesh) ·
English (United States) ·