‘Ghabh arm Iosrael é’: The Gaelgeoir detained in an Israeli cell

1 month ago 11

Rommie Analytics

Níos luaithe i mbliana, bhí súile an domhain ar an Global Sumud Flotilla agus iad ag iarraidh an t-imshuí ar chósta Gaza a shárú. Ach níorbh é sin an t-aon iarracht a bhí déanta thar na blianta chun nascanna a chruthú agus le cúnamh a thabhairt isteach i gcríocha na Palaistíne. Tá Gaza agus an Bruach Thiar faoi smacht Iosrael le blianta fada anuas – agus is ábhar é a mhúsclaíonn mothúcháin láidre i measc go leor Éireannaigh. Breis is fiche bliain ó shin, thaistil an scríbhneoir Feirsteach Seán Ó Muireagáin go dtí an Phalaistín chun nascanna a fhorbairt idir páistí scoile sa Tuaisceart agus sa Bhruach Thiar. Ach, cosúil le muintir an Global Sumud, ghabh fórsaí Iosrael Seán agus coinníodh i gcillín é ar feadh cúig lá – cé nach raibh aon choir déanta aige. Líomhnaítear gur ghabhadh Seán mar gheall gur bhall den IRA é agus go raibh sé i mbun Palaistínigh a threanáil conas buamaí a dheanamh - rud nach raibh fíor in aon chor. Ar Seachtain labhair Seán Ó Muireagáin faoin eispéireas phearsanta a bhí aige féin. Foclóir:Imshuí: Blockade Críocha: Territories An Bhruach Thiar: The West Bank Coir: Crime Báúil: Sympathetic Aitheanta: Recognised Pobal sceimhlitheoireachta: Terrorist community Céasadh: Torment Cillín: Cell Dallóg: Blindfold Seafóid: Nonsense Cacamas: Bullshit Is cuma sa tsoic: Couldn’t care less Líomhaintí: Allegations Amhras: Doubt Cinedhíothú: Genocide Ag bárcadh allais: Sweating profusely Cairdeas domhain: Deep friendship Féidearthacht: Possibility Mhaoinigh: Funded 
Read Entire Article